01 March 2023
Bí linn le Comhar Linn agus le chéile is féidir linn!
A cúpla focal for Seachtain na Gaeilge....
An bhfuil tusa mar bhall de Comhar Linn? Táimid ann duitse is do gach uile bhall ded ’chlann.
Tá breis is 25,000 ball againn agus iad lonnaithe i ngach cúinne den tír. Ina theannta sin, tá Comhar Linn go hiomlán faoi úinéireacht na mball.
Is comhar creidmheasa neamhbhrabúis muidne atá bunaithe ar mhaithe le freastal a dhéanamh ar bhaill den CMÉ (INTO), CMSÉ (RTAI) is ar mhic is iníonacha léinn na gColáistí Oideachais.
Le Comhar Linn faightear:
- Cuntas Reatha le cárta dochair is le saoráid rótharraingthe.
- Iasachtaí solúbtha le rátaí den scoth.
- Cosaint shaoil saor in aisce ar choigilteas is ar iasachtaí.
- Gan taillí follaithe ar bith i gceist.
- Thar aon ní eile, beimid taobh leat i gcónaí – ar líne nó ar fón.
Mar sin táimid ann chun tusa agus do chlann a thacú is a éascú i ngach slí gur féidir linn. Má tá réimse leathan de sheirbhísí airgeadais uait ar mhaithe le do shaol a fheabhsú táimid ar fáil duit fud fad na hÉireann.
Ná cuir ar an méar fhada é ach téigh ar líne inniu ag 'Become a Member' agus gheobhaidh tú an t-eolas ar fad.
Ná déan dearmad ar an seanfhocal, ‘Má chuireann tú san earrach bhainfidh tú san fhómhar’. Cinnte beidh fáilte Uí Cheallaigh romhat le seirbhís den scoth deimhnithe.